Scéal MhacdaraIs seinnteoir bouzouki ón Rinn, i gCo. Phort Láirge é Macdara Ó Faoláin, atá aitheantas bainte amach aige as a chuir chuige nuálach i gceol traidisiúnta na hÉireann. Tá sé dírithe le déanaí ar cheol ar leith a chumadh don bouzouki a mheascann a shaineolas armóine lena fhréamhacha traidisiúnta agus a thógann ionsparáidí ó go leor seánraí éagsúla. Mar chainteoir dhúchas, tá amhráin nua-chumtha Gaoluinne á chumadh aige leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn.
Taibhíonn Macdara go rialta le comhoibrithe ceoil ar nós Victoria Adiiye agus Cormac McCarthy, chomh maith le bheith mar thionlacanaí le ceoltóirí éagsúla traidisiúnta ina stíl leithleach féin. Tá sé mar bhall de thríréad le Páraic Mac Donnchadha & Pádraic Keane. Tá meas ar leith ar a ndlúthdhiosca Beo, bailiúchán de thaifeadtaí ó cheolchoirmeacha éagsúla a taifeadaíodh idir 2022-23. Tar éis blianta de dhioscliosta fairsing mar thionlacaí, d’eisigh Macdara EP aonair, Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… atá mar réamhcheol dá chéad albam aonair, atá á eisiúnt aige roimh deireadh na bliana. Is é an pianadóir agus cumadóir Cormac McCarthy atá mar léithreoir ar an dá eisiúint. Mhol Nós an EP mar “Aistear álainn meallacach”. Bronnadh Gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 ar Mhacdara le déanaí. Tá ról ar leith á bhaint amach ag Macdara mar fhigiúr suntasach i gceol traidisiúnta na hÉireann. |