Scéal Mhacdara
Tógadh Macdara i gclann ceolmhar sa Rinn, Co. Phort Láirge. Thosaigh sé ag foghlaim na feadóige agus an fhidil nuair a bhí sé cúig bliana d’aois. Thit sé i ngrá le ceol Andy Irvine agus Planxty agus thosnaigh sé ag foghlaim an maindilín le Peter O’Connor gan mhoill. Fuair sé bouzouki mar bhronntanas Nollag nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus bhí sé á sheinnt aige mar a phríomh uirlis i ndiaidh dó freastal ar ranganna le Seán Ó Fearghail. Ghlac sé níos dáiríre leis an gceol is é go luath ina chuid déaga agus é ag seinnt i dtithe tábhairne gach oíche den tseachtain faoin am go raibh sé cúig bliana déag daois. Bhí an t-ádh air a ceoltóirí cumasacha ar nós Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Paddy Tutty, Dónal Clancy, Mac Dara Mac Donncha, Fionn Mac Giolla Chuda agus Ciarán Ó Gealbháin a bheith thimpeall air mar ionsparáid. |
Tá Macdara tar éis seinnt agus taifeadta le leithéidí Páraic MacDonnchadha (ar a albam “Not Before Time”), Derek Hickey, Shane Meehan (ar a albam “Twill Do”), Caoimhín agus Seán Ó Fearghaíl, Paddy Tutty, Oisín Morrison, John Dwyer, Na Friel Sisters agus Marty Barry, Conor O’Sullivan (ar albam “Going Over Home”), Victoria Pierce, Éamonn O’Riordan, Cormac Begley, Claire Egan, Yvonne Casey, Tommy Fitzharris agus Dónal McCague, Nell Ní Chróinín, Cliodhna Costello, Liam O’Brien, Ciara Ní Bhrian, Sorcha Costello, Conor Connolly, Catherine McHugh agus David Munnelly. Tá sé ina bhliain deireanach i gCeol-Scoil Chorcaí MTU. Tá sé ina bhall tosaigh den ghrúpa Nuadán agus thaifead sé dhá albam leo, “Lá Laindí Lugha” agus “Dén Díobháil”. Roghnaíodh é le bheith i measc cúpla dalta le bheith páirteach in albam ar lipéid na hollscoile darb ainm “The Quarantapes”. Thaifead sé píosa ceoil a chum sé féin darb ainm “An Clamhán Bán”. Is déantasóir bouzouki, giotár agus maindilín é leis. Tá breis eolas faoin a chuid uirlisí lámhdéanta ar fáil ar a shuíomh déantúsaíochta. |